10 Mar níl duine dá n‑iarrann nach bhfaigheann, ná duine dá gcuardaíonn nach n‑aimsíonn, ná duine dá mbuaileann nach n‑osclaítear doras roimhe.
11 Cé an t‑athair eadraibh, a n‑iarrfaidh a mhac iasc air, a thabharfaidh nathair nimhe dó in ionad an éisc;
12 nó má iarrann sé ubh air, a thabharfaidh scairp dó?
13 Más eol daoibhse, olc is mar atá sibh, conas dea-thíolaicí a thabhairt do bhur gclann, nach mó go mór a thabharfaidh an tAthair neamhaí an Naomh-Spiorad don dream sin a bhíos á iarraidh air?”
14 Anois bhí sé ag caitheamh amach deamhain a bhí balbh; nuair a bhí an deamhan imithe, labhair an balbhán, agus bhí na daoine ag déanamh iontais de.
15 Ach ba é a dúirt cuid acu, “Bíonn sé ag caitheamh amach deamhan trí Bheelsebúl ceann urra na ndeamhan;”
16 agus bhí dream eile i ndréim lena fhéachaint, agus iad ag iarraidh air comhartha ó neamh.