14 Anois bhí sé ag caitheamh amach deamhain a bhí balbh; nuair a bhí an deamhan imithe, labhair an balbhán, agus bhí na daoine ag déanamh iontais de.
15 Ach ba é a dúirt cuid acu, “Bíonn sé ag caitheamh amach deamhan trí Bheelsebúl ceann urra na ndeamhan;”
16 agus bhí dream eile i ndréim lena fhéachaint, agus iad ag iarraidh air comhartha ó neamh.
17 Ach ó d'aithin sé a smaointe, ar seisean leo, “Scriostar gach ríocht a dheighiltear ina éadan féin, agus titeann teaghlaigh as a chéile.
18 Agus má dheighiltear Sátan ina éadan féin freisin, conas a sheasfaidh a ríochtsan? Mar deir sibhse go mbím ag caitheamh na ndeamhan amach trí Bheelsebúl.
19 Agus más rud é go mbím ag caitheamh na ndeamhan amach trí Bheelsebúl, cé sin a mbíonn bhur gclann mhac á gcaitheamh amach tríd? Mar sin de bídís siúd mar bhreithiúna oraibh.
20 Ach más le méar Dé a bhím ag caitheamh amach na ndeamhan, is cruthú é sin go bhfuil ríocht Dé i ndiaidh teacht oraibh.