2 Agus dúirt sé leo, “Nuair a dhéanann sibh urnaí, abraigí: A Athair, go naofar d'ainm, go dtaga do ríocht.
3 Tabhair dúinn ár n‑arán laethúil gach uile lá;
4 agus maith dúinn ár bpeacaí, mar bímid féin ag maitheamh don dream a bhfuil fiacha againn orthu; agus ná lig sinn i gcathú.”
5 Agus ar seisean leo, “Cé agaibh a bhfuil cara aige a rachaidh chuige i gceartlár na hoíche agus a déarfaidh leis, ‘A fhir na páirte, tabhair iasacht trí bhuilín aráin dom;
6 mar tá cara de mo chuid i ndiaidh teacht ar aistear, agus níl ní agam le cur roimhe;
7 agus beidh seisean á fhreagairt mar seo istigh, ‘Ná bí do mo bhuaireamh; tá an doras druidte anois, agus mo pháistí ar aon leaba liom; ní féidir liom éirí aníos ná ní féidir liom aon ní a thabhairt duit.’
8 Tá mise á rá libh, siúd is nár thoil leis éirí ná aon ní a thabhairt dó mar mhaithe le é bheith ina chara aige, ach as siocair é leanúint de á agairt air, éireoidh sé agus tabharfaidh sé dó cibé rud atá uaidh.