22 ach nuair a ionsaíonn duine is tréine ná é é agus nuair a bhuann sé air, baineann sé de an t‑arm agus an t‑éide uile ina gcuireadh sé a mhuinín, agus roinneann sé a chuid mar chreach.
23 An té nach mbailíonn liom bíonn sé ag scaipeadh.
24 “Nuair a imíonn an sprid neamhghlan as duine, siúlann sí áiteanna tirime gan uisce ag iarraidh suaimhnis; agus nuair nach bhfaigheann sí aon suaimhneas ann is é a deir sí léi féin, ‘Fillfidh mé ar mo theachsa a dtáinig mé as.’
25 Agus nuair a thagann sí go dtí é, faigheann sí scuabtha curtha faoi réir é.
26 Ansin imíonn sí go dtugann sí léi seacht sprid eile is urchóidí ná í féin, agus téann siad isteach go ndéanann cónaí ann; agus is measaide an duine úd a dheireadh ná a thús.”
27 Nuair a bhí sé ag rá na cainte sin, labhair bean a bhí sa slua in ard a cinn agus dúirt leis, “Is beannaithe an bhroinn a chuir ar an saol thú, agus is beannaithe na cíocha a bhíodh á ndiúl agat!”
28 Ach ba é a dúirt sé, “Is mó is beannaithe an dream a chluineas briathar Dé agus a choinníos é!”