31 Éireoidh banríon an deiscirt nuair a chuirfear an breithiúnas ar fhir na glúine seo go ndaorfaidh iad; mar tháinig sise ó thíortha in imigéin le héisteacht le heagna Sholaimh, agus tá ní anseo is mó ná Solamh.
32 Éireoidh fir Ninebhe nuair a chuirfear an breithiúnas ar an nglúin seo agus daorfaidh siad í; mar rinne siad aithrí le seanmóireacht Ióna, agus féach tá ní anseo is mó ná Ióna.
33 “Níl duine ann dá mbíonn tar éis lampa a lasadh a chuireas é i siléar nó faoi bhuiséal, ach in airde ar sheastán, go dtí go bhfeice a dtéann isteach an solas.
34 Is í do shúil a bhíos mar lampa ag do cholainn; nuair a bhíonn do shúil slán, bíonn do cholainn lán de sholas; ach más easlán í, bíonn do cholainn uile lán de dhorchadas.
35 Tabhair aire mar sin nach dorchadas é an solas atá ionat.
36 Má bhíonn, mar sin, do cholainn uile lán de sholas, gan aon bhall dorcha uirthi, beidh sé uile geal lasta, mar lampa a dtugann a shoilse solas duit.”
37 Nuair a bhí sé ag caint, thug Fairiséach cuireadh chun dinnéir dó; chuaigh sé isteach mar sin gur shuigh ag an mbord.