37 Nuair a bhí sé ag caint, thug Fairiséach cuireadh chun dinnéir dó; chuaigh sé isteach mar sin gur shuigh ag an mbord.
38 Bhí iontas ar an bhFairiséach lena fheiceáil nár nigh sé é féin roimh an dinnéar.
39 Agus dúirt an Tiarna leis, “Bíonn sibhse, na Fairiséigh, ag glanadh an taobh amuigh den chupán agus den mhias, ach tá sibh lán den tsaint agus den mhallaitheacht ar an taobh istigh.
40 A amadána! An té a rinne an taobh amuigh nach ndearna sé an taobh istigh freisin?
41 Ach tugaigí a bhfuil istigh mar dhéirc ar ghrá Dé; agus féachaigí, tá an uile ní glan gan smál daoibh.
42 “Ach mo mhairg daoibh, a Fhairiséacha! Bíonn sibh ag tabhairt deachúna den mhismín agus den rú agus de na luibheanna uile, agus faillí á déanamh agaibh sa cheart agus i ngrá Dé; ba cheart daoibh iad siúd a chur i ngníomh, gan neamh-aird a bheith agaibh ar an gcuid eile.
43 Is mairg daoibh, a Fhairiséacha! Mar níl ní is fearr libh ná an suíochán is fearr sa tsionagóg agus an slua ag beannú daoibh i sráid an mhargaidh.