41 Ach tugaigí a bhfuil istigh mar dhéirc ar ghrá Dé; agus féachaigí, tá an uile ní glan gan smál daoibh.
42 “Ach mo mhairg daoibh, a Fhairiséacha! Bíonn sibh ag tabhairt deachúna den mhismín agus den rú agus de na luibheanna uile, agus faillí á déanamh agaibh sa cheart agus i ngrá Dé; ba cheart daoibh iad siúd a chur i ngníomh, gan neamh-aird a bheith agaibh ar an gcuid eile.
43 Is mairg daoibh, a Fhairiséacha! Mar níl ní is fearr libh ná an suíochán is fearr sa tsionagóg agus an slua ag beannú daoibh i sráid an mhargaidh.
44 Is mairg daoibh! Mar tá sibh mar uaigheanna nach bhfeictear, a siúlann daoine os a gcionn gan fhios.”
45 Thug fear de na dlíodóirí freagra air, “A Oide, tugann tú achasán dúinne freisin, a grá an mhéid sin.”
46 Agus dúirt sé, “Is mairg daoibh freisin, a dhlíodóirí! Mar leagann sibh ualaí troma do-iompair ar dhaoine, agus ní thógann sibhse na hualaí le méar de bhur méara.
47 Is mairg daoibh! Mar tógann sibh tuamaí na bhfáithe ar mharaigh bhur n‑aithreacha iad.