47 Is mairg daoibh! Mar tógann sibh tuamaí na bhfáithe ar mharaigh bhur n‑aithreacha iad.
48 Dá bhrí sin is finnéithe sibh ag toiliú le gníomhartha bhur n‑aithreacha; mar is iad a mharaigh iad agus is sibh a thógas a dtuamaí.
49 Dá bhrí sin dúirt eagna Dé, ‘Cuirfidh mé fáithe agus aspail chucu, agus maróidh siad agus cuirfidh siad géarleanúint ar chuid acu,
50 go dtí go n‑agrófar ar sileadh d'fhuil na bhfáithe ó bhunú an domhain ar an nglúin seo,
51 ó fhuil Abel go fuil Shecaría, a maraíodh idir an altóir agus an sanctóir. Is ea, táim ag insint daoibh go n‑agrófar ar an nglúin seo í.
52 Is mairg daoibh, a dhlíodóirí! Mar tá eochair an eolais curtha i bhfolach agaibh; ní dheachaigh sibh féin isteach ann agus bhí sibh in bhur dtoirmeasc ag an dream a bhíodh ag dul isteach.”
53 Nuair a bhí sé ag imeacht as an áit, thosaigh na scríobhaithe agus na Fairiséigh ar chur go crua air, agus á ghríosadh chun labhairt faoi mhórán nithe, agus iad ag fuireachas leis, le breith ar rud dá ndéarfadh sé.