5 Agus ar seisean leo, “Cé agaibh a bhfuil cara aige a rachaidh chuige i gceartlár na hoíche agus a déarfaidh leis, ‘A fhir na páirte, tabhair iasacht trí bhuilín aráin dom;
6 mar tá cara de mo chuid i ndiaidh teacht ar aistear, agus níl ní agam le cur roimhe;
7 agus beidh seisean á fhreagairt mar seo istigh, ‘Ná bí do mo bhuaireamh; tá an doras druidte anois, agus mo pháistí ar aon leaba liom; ní féidir liom éirí aníos ná ní féidir liom aon ní a thabhairt duit.’
8 Tá mise á rá libh, siúd is nár thoil leis éirí ná aon ní a thabhairt dó mar mhaithe le é bheith ina chara aige, ach as siocair é leanúint de á agairt air, éireoidh sé agus tabharfaidh sé dó cibé rud atá uaidh.
9 Agus deirimse libh, Iarraigí, agus tabharfar daoibh; cuardaígí, agus gheobhaidh sibh; buailigí, agus osclófar an doras romhaibh.
10 Mar níl duine dá n‑iarrann nach bhfaigheann, ná duine dá gcuardaíonn nach n‑aimsíonn, ná duine dá mbuaileann nach n‑osclaítear doras roimhe.
11 Cé an t‑athair eadraibh, a n‑iarrfaidh a mhac iasc air, a thabharfaidh nathair nimhe dó in ionad an éisc;