7 agus beidh seisean á fhreagairt mar seo istigh, ‘Ná bí do mo bhuaireamh; tá an doras druidte anois, agus mo pháistí ar aon leaba liom; ní féidir liom éirí aníos ná ní féidir liom aon ní a thabhairt duit.’
8 Tá mise á rá libh, siúd is nár thoil leis éirí ná aon ní a thabhairt dó mar mhaithe le é bheith ina chara aige, ach as siocair é leanúint de á agairt air, éireoidh sé agus tabharfaidh sé dó cibé rud atá uaidh.
9 Agus deirimse libh, Iarraigí, agus tabharfar daoibh; cuardaígí, agus gheobhaidh sibh; buailigí, agus osclófar an doras romhaibh.
10 Mar níl duine dá n‑iarrann nach bhfaigheann, ná duine dá gcuardaíonn nach n‑aimsíonn, ná duine dá mbuaileann nach n‑osclaítear doras roimhe.
11 Cé an t‑athair eadraibh, a n‑iarrfaidh a mhac iasc air, a thabharfaidh nathair nimhe dó in ionad an éisc;
12 nó má iarrann sé ubh air, a thabharfaidh scairp dó?
13 Más eol daoibhse, olc is mar atá sibh, conas dea-thíolaicí a thabhairt do bhur gclann, nach mó go mór a thabharfaidh an tAthair neamhaí an Naomh-Spiorad don dream sin a bhíos á iarraidh air?”