19 Is cosúil í le gráinne síol mustaird a ghlac duine agus ar chuir sé ina gharraí féin é; agus d'fhás sé aníos ina chrann, agus rinne éanlaith an aeir a neadacha ina ghéaga.”
20 Agus dúirt sé arís, “Cé leis a gcuirfidh mé ríocht Dé i gcomparáid?
21 Is cosúil í le laibhín ar ghlac bean é gur fholaigh sí é i dtrí pheic mine, gur ghlac an t‑iomlán an laibhín.”
22 Shiúil sé leis sna bailte idir bheag agus mhór, ag teagasc, agus é ag tarraingt ar Iarúsailéim.
23 Agus bhí duine ann a d'fhiafraigh de, “A Thiarna, an beag é an méid daoine a shlánófar?” Agus is é a dúirt sé leo,
24 “Bígí ar bhur ndícheall le dul isteach tríd an doras caol cúng; mar deirim libh gur iomaí sin duine a bheidh ag iarraidh fáil isteach, agus go dteipfidh sé orthu.
25 A luaithe agus éireos fear an tí agus a bhíos an doras dúnta aige, tosóidh sibhse ar bheith in bhur seasamh taobh amuigh agus sibh ag bualadh cnaig ar an doras, agus á rá, ‘Oscail an doras dúinn, a Thiarna.’ Agus is é an freagra a thabharfaidh sé oraibh, ‘Níl aithne agam oraibh ná fios agam cérb as sibh.’