10 “Beirt fhear a chuaigh suas isteach sa teampall a ghuí, duine acu ina Fhairiséach agus duine acu ina bhailitheoir cánacha.
11 Sheas an Fairiséach agus ghuigh sé leis féin mar seo leanas, ‘A Dhia liom, beirim buíochas leat nach ionann mise agus na fir eile, lucht an airgid lochtaigh, lucht na gclaonbhreitheanna, lucht an adhaltranais, nó daoine mar an bailitheoir cánacha seo anseo.
12 Bím ag déanamh troscaidh faoi dhó gach seachtain, agus bím ag tabhairt an deichiú cuid de mo theacht isteach.’
13 Ach d'fhan an bailitheoir cánacha i bhfad amach, gan oiread agus a shúile a ardú i dtreo neimhe, agus ina áit sin bhuail sé a ucht, agus dúirt sé, ‘A Dhia, bíodh trócaire agat ormsa atá i mo pheacach!’
14 Tá mise á insint daoibh gur imigh an fear úd síos abhaile agus é ina fhíréan níos mó ná an fear eile; mar níl duine dá n‑ardaíonn é féin nach n‑ísleofar, ach an té a íslíos é féin is é a ardófar.”
15 Bhíodar ag tabhairt go fiú na leanaí beaga chuige go gcuirfeadh sé a lámh orthu; agus nuair a chonaic na deisceabail é sin, chros siad orthu é.
16 Ach ba é rud, ghlaoigh Íosa chuige iad, agus dúirt sé, “Ligigí do na páistí teacht chugam, agus ná cuirigí cosc orthu; óir is lena leithéidí sin ríocht Dé.