18 Agus d'fhiafraigh rialtóir de, “A Oide mhaith, cad é a dhéanfaidh mise le seilbh a fháil ar an mbeatha shíoraí?”
19 Agus dúirt Íosa leis, “Cad chuige a dtugann tú maith ormsa? Níl maith ach Dia ina aonar.
20 Is feasach duit na haitheanta: ‘Ná déan adhaltranas, ná dúnmharú, ná goid, ná fianaise bhréige. Tabhair, onóir do d'athair agus do do mháthair.’”
21 Agus d'fhreagair sé, “Tá siad seo uile á gcoimeád agam anuas ó m'óige.”
22 Nuair a chuala Íosa sin dúirt sé leis, “Tá aon ní amháin in easpa ort go fóill. Díol a bhfuil agat agus roinn ar na boicht é, agus beidh stór ar neamh agat; agus tar agus lean mise.”
23 Ach nuair a chuala sé sin, bhí brón air, mar bhí sé an-saibhir.
24 D'fhéach Íosa air agus dúirt sé, “Cad é chomh crua leis, lucht an tsaibhris dul isteach i ríocht Dé!