2 Is é a dúirt sé, “Bhí cathair ann a raibh breitheamh ann gan eagla air roimh Dhia ná aird aige ar dhuine;
3 agus bhí baintreach sa chathair úd a bhíodh ag teacht chuige agus á rá leis, ‘Tabhair mo cheart dom in aghaidh mo namhad.’
4 D'eitíodh sé í ar feadh tamaill; ach ina dhiaidh sin dúirt sé ina chroí leis féin, ‘Cé nach mbíonn eagla orm roimh Dhia ná aird agam ar dhuine,
5 bím do mo chloí ag an mbaintreach seo, agus tabharfaidh mé a cearta di, ar eagla go gcuire sí den saol mé agus í ag síortheacht chugam.’”
6 Agus dúirt an Tiarna, “Éistigí leis an méid seo a deir an breitheamh éagórach.
7 Agus nach dtabharfaidh Dia a gcearta dá dhaoine tofa, a bhíos ag glaoch air oíche agus lá? An mbeidh mórán moille air leo?
8 Deirim libh go dtabharfaidh sé a gcearta dóibh in am gairid. Ach dá ainneoin sin, nuair a thiocfaidh Mac an duine, an bhfaighidh sé an creideamh ar an talamh?”