23 Ach nuair a chuala sé sin, bhí brón air, mar bhí sé an-saibhir.
24 D'fhéach Íosa air agus dúirt sé, “Cad é chomh crua leis, lucht an tsaibhris dul isteach i ríocht Dé!
25 Is fusa do chamall siúl trí chró snáthaide ná d'fhear saibhir dul isteach i ríocht Dé.”
26 Arsa an dream a chuala sin, “Cé is féidir a shlánú mar sin?”
27 Ach dúirt seisean, “An ní is dodhéanta do dhaoine is sodhéanta do Dhia é.”
28 Agus dúirt Peadar, “Féach, táimidne i ndiaidh an baile a fhágáil agus tú a leanúint.”
29 Agus dúirt sé leo, “Is fírinneach a deirim libh, nach bhfuil fear ann a thréig a theach nó a bhean nó a dheartháireacha nó a thuismitheoirí nó a chlann, mar mhaithe le ríocht Dé,