33 sciúrsálfar agus marófar é, agus an tríú lá éireoidh sé.”
34 Ach níor thuig siad aon fhocal den chaint sin; ceileadh orthu é agus ní raibh breith acu ar a ndúradh.
35 Nuair a bhí sé ag tarraingt ar Iericó, bhí dall ina shuí ar thaobh an bhóthair ag iarraidh déirce;
36 agus nuair a chuala sé gleo an tslua ag dul thairis, d'fhiafraigh sé cad é a bhí ar cois.
37 Insíodh dó, “Is é Íosa as Nasair atá ag dul thart.”
38 Agus ghlaoigh sé, “A Íosa, a Mhic Dháibhí, déan trócaire orm.”
39 Chuir an méid a bhí ar thosach an tslua milleán air, ag bagairt air bheith ina thost; ach b'amhlaidh ba mhó a ghlaoigh sé in ard a chinn, agus dúirt sé, “A Mhic Dháibhí, déan trócaire ormsa.”