35 Nuair a bhí sé ag tarraingt ar Iericó, bhí dall ina shuí ar thaobh an bhóthair ag iarraidh déirce;
36 agus nuair a chuala sé gleo an tslua ag dul thairis, d'fhiafraigh sé cad é a bhí ar cois.
37 Insíodh dó, “Is é Íosa as Nasair atá ag dul thart.”
38 Agus ghlaoigh sé, “A Íosa, a Mhic Dháibhí, déan trócaire orm.”
39 Chuir an méid a bhí ar thosach an tslua milleán air, ag bagairt air bheith ina thost; ach b'amhlaidh ba mhó a ghlaoigh sé in ard a chinn, agus dúirt sé, “A Mhic Dháibhí, déan trócaire ormsa.”
40 Sheas Íosa, agus d'ordaigh é a thabhairt chuige; agus nuair a tháinig sé i ngar dó, d'fhiafraigh sé de,
41 “Cad é sin ba mhaith leat mé a dhéanamh duit?” Ar seisean, “A Thiarna, radharc mo shúl a fháil.”