38 Agus ghlaoigh sé, “A Íosa, a Mhic Dháibhí, déan trócaire orm.”
39 Chuir an méid a bhí ar thosach an tslua milleán air, ag bagairt air bheith ina thost; ach b'amhlaidh ba mhó a ghlaoigh sé in ard a chinn, agus dúirt sé, “A Mhic Dháibhí, déan trócaire ormsa.”
40 Sheas Íosa, agus d'ordaigh é a thabhairt chuige; agus nuair a tháinig sé i ngar dó, d'fhiafraigh sé de,
41 “Cad é sin ba mhaith leat mé a dhéanamh duit?” Ar seisean, “A Thiarna, radharc mo shúl a fháil.”
42 Agus arsa Íosa leis, “Bíodh radharc do shúl agat; is é do chreideamh a rinne slán thú.”
43 Agus fuair sé amharc na súl ar an nóiméad agus lean sé é, agus é ag tabhairt glóire do Dhia; agus nuair a chonaic siad sin, thug na daoine uile go léir moladh do Dhia.