7 Agus nach dtabharfaidh Dia a gcearta dá dhaoine tofa, a bhíos ag glaoch air oíche agus lá? An mbeidh mórán moille air leo?
8 Deirim libh go dtabharfaidh sé a gcearta dóibh in am gairid. Ach dá ainneoin sin, nuair a thiocfaidh Mac an duine, an bhfaighidh sé an creideamh ar an talamh?”
9 D'inis sé an fáithscéal seo freisin do dhream a raibh muinín acu astu féin go raibh siad ina bhfíréin agus a mbíodh dímheas acu ar dhaoine eile.
10 “Beirt fhear a chuaigh suas isteach sa teampall a ghuí, duine acu ina Fhairiséach agus duine acu ina bhailitheoir cánacha.
11 Sheas an Fairiséach agus ghuigh sé leis féin mar seo leanas, ‘A Dhia liom, beirim buíochas leat nach ionann mise agus na fir eile, lucht an airgid lochtaigh, lucht na gclaonbhreitheanna, lucht an adhaltranais, nó daoine mar an bailitheoir cánacha seo anseo.
12 Bím ag déanamh troscaidh faoi dhó gach seachtain, agus bím ag tabhairt an deichiú cuid de mo theacht isteach.’
13 Ach d'fhan an bailitheoir cánacha i bhfad amach, gan oiread agus a shúile a ardú i dtreo neimhe, agus ina áit sin bhuail sé a ucht, agus dúirt sé, ‘A Dhia, bíodh trócaire agat ormsa atá i mo pheacach!’