3 Ba é an freagra a thug sé orthu, “Tá ceist agam le cur oraibh freisin; insígí dom anois,
4 cé acu ó neamh nó ó dhaoine é baiste Eoin?”
5 Agus chuaigh siad á chíoradh le chéile, agus iad á rá, “Má deirimid féin ‘Ó neamh,’ is é a déarfas seisean, ‘Cad chuige nár chreid sibh é?’
6 Ach má deirimid ‘Ó dhaoine,’ imreoidh na daoine uile go léir bás orainn le clocha; mar tá siad cinnte dearfa go raibh Eoin ina fháidh.”
7 Mar sin d'fhreagair siad nach raibh a fhios acu cérbh as é.
8 Agus dúirt Íosa leo, “Ní inseoidh mise daoibh ach oiread cad é an t‑údarás atá agam leis na nithe seo a dhéanamh.”
9 Agus thosaigh sé ar insint an fháithscéil seo do na daoine, “Fear a bhí ann a chuir fíonghort faoi chrainn fíniúna, agus a chuir ar chíos é ag tionóntaí, agus a d'imigh leis ar an gcoigrích ar feadh i bhfad.