39 Agus d'fhreagair cuid de na scríobhaithe, “A Oide, is maith a labhair tú.”
40 Mar níor lig eagla dóibh aon cheist a chur air.
41 Ach ar seisean leo, “Conas a deirtear gur mac le Dáibhí é an Críost?
42 Nach é a deir Dáibhí féin i leabhar na Salm,‘Is é a dúirt an Tiarna le mo Thiarna,Suigh ar mo láimh dheas,
43 go gcuire mé do naimhde mar stól faoi do chosa.’
44 Má thugann Dáibhí Tiarna air, conas a bheadh sé ina mhac aige?”
45 Agus dúirt sé lena dheisceabail in éisteacht na ndaoine go léir,