25 Agus dúirt sé leo, “Bíonn ríthe na nGintlithe ag imirt forlámhais orthu, agus tugtar dea dhaoine déirceacha ar a lucht rialaithe.
26 Ach ní hamhlaidh daoibhse; ina ionad sin bíodh an té is mó oraibh mar an té is óige, agus an taoiseach mar an timire.
27 Mar cé is mó céim, an té a bhíos ina shuí ag bord, nó an té a bhíos ag freastal? Nach é an té a bhíos ina shuí ag an mbord? Ach bímse mar fhreastalaí eadraibh.
28 “Is sibh a d'fhan liom nuair a cuireadh cathuithe orm;
29 mar a bhronn m'Athair ríocht orm, is amhlaidh a bhronnaim oraibhse
30 bheith ag ithe agus ag ól ag aon bhord liom i mo ríocht, agus bheith in bhur suí ar dhá ríchathaoir déag le breithiúnas a thabhairt ar an dá threibh déag d'losrael.
31 “A Shiomóin, a Shíomóin, bhí Sátan do bhur n‑éileamh le bhur gcriathrú mar chruithneacht,