28 “Is sibh a d'fhan liom nuair a cuireadh cathuithe orm;
29 mar a bhronn m'Athair ríocht orm, is amhlaidh a bhronnaim oraibhse
30 bheith ag ithe agus ag ól ag aon bhord liom i mo ríocht, agus bheith in bhur suí ar dhá ríchathaoir déag le breithiúnas a thabhairt ar an dá threibh déag d'losrael.
31 “A Shiomóin, a Shíomóin, bhí Sátan do bhur n‑éileamh le bhur gcriathrú mar chruithneacht,
32 ach tá mise tar éis guí ar do shon chun nach gclisfidh do chreideamh; agus nuair a iompaíonn tusa, bí ag neartú le do bhráithreacha.”
33 Agus dúirt seisean leis, “A Thiarna, táim réidh le do leanúint chun an phríosúin agus chun an bháis.”
34 Ach ar seisean leis, “Insím duit, a Pheadair, nach scairtfidh an coileach an mhaidin seo, go séanfaidh tú faoi thrí go bhfuil aithne agat orm.”