49 Agus nuair a thuig a lucht leanúna féin cad é a thiocfadh de, dúirt siad, “A Thiarna, an mbuailfimid buille claímh?”
50 Agus bhuail duine acu mogha an ardsagairt gur bhain an chluas dheas dá leiceann.
51 Ach dúirt Íosa, “Ná téigí thairis sin!” Agus chuimil sé a mhéar den chluais gur leigheas í.
52 Ba ansin a dúirt Íosa leis na hardsagairt agus le ceannfoirt an teampaill agus leis na seanóirí, a bhí i ndiaidh éirí amach ina éadan, “An bhfuil sibh i ndiaidh éirí amach in aghaidh bithiúnaigh, leis na claimhte agus leis na bataí seo agaibh?
53 Nuair a bhí mé agaibh ó lá go céile sa teampall, níor leag sibh aon lámh orm. Ach seo agaibh bhur n‑uair agus cumhacht an dorchadais.”
54 Ghabh siad ansin é agus tharraing siad leo é, go teach an ardsagairt. Bhí Peadar á leanúint agus é tamall uaidh.
55 Agus nuair a bhí tine fadaithe acu i lár na cúirte, shuigh siad síos i gcuideachta a chéile, agus shuigh Peadar eatarthu.