50 Agus bhuail duine acu mogha an ardsagairt gur bhain an chluas dheas dá leiceann.
51 Ach dúirt Íosa, “Ná téigí thairis sin!” Agus chuimil sé a mhéar den chluais gur leigheas í.
52 Ba ansin a dúirt Íosa leis na hardsagairt agus le ceannfoirt an teampaill agus leis na seanóirí, a bhí i ndiaidh éirí amach ina éadan, “An bhfuil sibh i ndiaidh éirí amach in aghaidh bithiúnaigh, leis na claimhte agus leis na bataí seo agaibh?
53 Nuair a bhí mé agaibh ó lá go céile sa teampall, níor leag sibh aon lámh orm. Ach seo agaibh bhur n‑uair agus cumhacht an dorchadais.”
54 Ghabh siad ansin é agus tharraing siad leo é, go teach an ardsagairt. Bhí Peadar á leanúint agus é tamall uaidh.
55 Agus nuair a bhí tine fadaithe acu i lár na cúirte, shuigh siad síos i gcuideachta a chéile, agus shuigh Peadar eatarthu.
56 Ansin chonaic cailín aimsire é ina shuí faoin solas agus d'amharc air, agus dúirt sí, “Bhí an fear seo ina chuideachta freisin.”