61 Agus thiontaigh an Tiarna thart agus d'amharc sé ar Pheadar. Agus chuimhnigh Peadar ar bhriathar an Tiarna, agus ar an gcaint a dúirt sé leis, “Sula scairtfidh an coileach ar maidin inniu, séanfaidh tú faoi thrí mé.”
62 Agus d'imigh sé roimhe amach gur shil sé deora go géar goirt.
63 Anois bhíodh na fir a raibh greim acu ar Íosa ag magadh agus á bhualadh;
64 agus chuir siad dallóg ar a shúile agus d'fhiafraigh siad de, “Déan fáistine, a fháidh! Inis cé a bhuail thú?”
65 Agus is iomaí focal maslach eile a labhair siad leis, agus iad ag tabhairt íde béil dó.
66 “Nuair a ghealaigh an lá, bhí seanóirí an chine cruinnithe, idir ardsagairt agus scríobhaithe; agus thug siad isteach os comhair a seanaid é, agus dúirt siad leis,
67 “Más tú an Críost, inis dúinne é.” Ach ba é a dúirt sé leo, “Má insím daoibh gur mé, ní chreidfidh sibh uaim é;