12 Agus shníomh Iorua agus Píoláid cairdeas le chéile an lá céanna sin, mar roimhe sin bhíodh naimhdeas eatarthu.
13 Ba ansin a chruinnigh Píoláid na hardsagairt agus na rialtóirí agus na daoine le chéile,
14 agus is é a dúirt sé leo, “Thug sibh an fear seo os mo chomhair mar dhuine a bhíodh ag cur na ndaoine ar bhealach a n‑aimhleasa; agus féachaigí, táim tar éis an chúis a scrúdú os bhur gcomhair, agus ní fheictear dom go bhfuil an fear seo ciontach in aon rud dá gcuireann sibh ina leith;
15 ní fheictear sin domsa, ná do Iorua ach an oiread, mar chuir sé ar ais chugainne é. Nach bhfeiceann sibh mar sin nach bhfuil aon ní déanta aige a thuillfeadh bás;
16 mar sin de, smachtóidh mé é agus scaoilfidh mé saor é.”
18 Ach ba é rud, ghlaoigh siad uile i gcuideachta in ard a gcinn, “Cuir an fear seo den saol, agus scaoil Barabas chugainn,”
19 b'shiúd fear ar buaileadh príosún air as ceannairc a fhadú sa chathair, agus as dúnmharú.