21 ach ghlaoigh siad os ard, “Déan a chéasadh, céas ar chrann é!”
22 Labhair sé an tríú huair leo, “Cad chuige, cad é an choir atá déanta aige? Ní fheictear dom go bhfuil aon choir déanta aige a thuillfeadh bás; mar sin smachtóidh mé é agus scaoilfidh mé saor é.”
23 Ach ba é rud, thosaigh siad ar a áitiú air de ghuth ard go gcéasfaí é. Agus ba threise lena nglórtha.
24 Mar sin thug Píoláid an bhreith ba mhian leo.
25 Scaoil sé leo an fear a d'iarr siad a caitheadh i bpríosún as ceannairc agus dúnmharú; agus lig sé dóibh mian a dtola a imirt ar Íosa.
26 Nuair a bhí siad á tharraingt as, rug siad ar dhuine as tír isteach a raibh Síomón Círéanach mar ainm air, agus leag siad an chrois ar a ghualainn, lena hiompar i ndiaidh Íosa.
27 Agus bhí slua mór daoine á leanúint agus slua de mhná agus iad á chaoineadh agus ag mairgneach faoi.