32 Bhí beirt eile, a bhí ina gcoirpigh, á dtarraingt lena gcur chun báis ina chuideachta.
33 Agus nuair a shroich siad an áit a dtugtar Cloigeann air, rinne siad é a chéasadh ansin, é féin agus na coirpigh, duine ar a dheis agus duine ar a chlé.
34 Agus ba é a dúirt Íosa, “A Athair, maith dóibh é; ó nach feasach dóibh cad é atá á dhéanamh acu.” Agus chaith siad crainn ag roinnt a chuid éadaigh.
35 Agus sheas na daoine thart, á choimeád; agus chuaigh na rialtóirí a fhonóid faoi, agus é á rá acu, “Shlánaigh sé daoine eile; slánaíodh sé é féin, más é an Críost é agus an duine tofa atá ag Dia!”
36 Chuaigh na saighdiúirí a mhagadh faoi freisin, ag teacht aníos chuige agus ag tairiscint fínéagair dó,
37 agus á rá leis, “Más tú Rí na nGiúdach, slánaigh thú féin!”
38 Bhí inscríbhinn os a chionn lena chois sin, “Is é seo Rí na nGiúdach.”