40 Ach chuir an coirpeach eile milleán air, agus ar seisean, “Nach bhfuil eagla ort roimh Dhia, agus tú faoin daorbhreith chéanna sin?
41 Agus is ceart mar bhreith orainne í, nach bhfaigheann ach an rud a thuill ár ngníomhartha; ach níl rud ar bith as an tslí déanta ag an bhfear seo.”
42 Agus ar seisean, “A Íosa, cuimhnigh ormsa nuair a thiocfaidh tú i réim do ríochta.”
43 Agus arsa Íosa leis, “Deirim leat go fírinneach go mbeidh tú inniu i mo chuideachtasa i bParthas Dé.”
44 Bhí sé anois faoi thuairim an séú huair, agus bhí dorchadas os cionn na tíre ar fad go dtí an naoú huair,
45 agus solas na gréine á dhalladh; agus scoilteadh an brat a bhí sa teampall ina dhá leath.
46 Agus ansin d'éigh Íosa os ard, agus ar seisean, “A Athair, tiomnaim mo Spiorad i do lámhasa!” Agus nuair a bhí sin ráite aige, d'fhág an anáil é.