45 agus solas na gréine á dhalladh; agus scoilteadh an brat a bhí sa teampall ina dhá leath.
46 Agus ansin d'éigh Íosa os ard, agus ar seisean, “A Athair, tiomnaim mo Spiorad i do lámhasa!” Agus nuair a bhí sin ráite aige, d'fhág an anáil é.
47 Anois nuair a chonaic an ceantúir cad é a tharla, thug sé moladh do Dhia, agus ar seisean, “Scéal cinnte é go raibh an fear seo neamhchoireach!”
48 Agus maidir leis na sluaite uile a bhí cruinnithe le hamharc ar a raibh le feiceáil, nuair a chonaic siad an ní a tharla, d'fhill siad abhaile agus iad ag bualadh bos ar a n‑uchta.
49 Agus sheas a lucht aitheantais uile amach uaidh agus an bhantracht a lean ó Ghalailí é agus chonaic siad na nithe sin uile.
50 Anois bhí fear ann a raibh Iósaf mar ainm air as baile Giúdach Arimatía, a bhí ina bhall den seanad, agus a bhí ina dhea-dhuine agus ina fhíréan,
51 agus nach raibh páirteach ina mbeart ná ina ngníomh, agus a raibh súil aige le ríocht Dé.