50 Anois bhí fear ann a raibh Iósaf mar ainm air as baile Giúdach Arimatía, a bhí ina bhall den seanad, agus a bhí ina dhea-dhuine agus ina fhíréan,
51 agus nach raibh páirteach ina mbeart ná ina ngníomh, agus a raibh súil aige le ríocht Dé.
52 Chuaigh an fear seo go dtí Píoláid agus d'iarr sé corp Íosa air.
53 Ansin thug sé anuas é agus d'fhill taiséadach lín air, gur chuir é i dtuama a gearradh amach as an gcarraig, tuama nár cuireadh corp duine ann riamh roimhe sin.
54 Ba é lá an Ullmhaithe é, ach go raibh spéartha lá na sabóide ag gealú.
55 Bhí an bhantracht a lean é ó Ghalailí á leanúintsean, go bhfaca siad an tuama, agus an cóiriú a cuireadh faoin gcorp;
56 d'fhill siad abhaile ansin gur ullmhaigh siad spíosraí agus uinnimintí.Ach gur fhan siad ina suaimhneas i rith na sabóide de réir na haithne.