1 Ba í an cúigiú bliain déag í de ríocht Thiberius Caesar agus bhí Pointias Píoláid ina uachtarán os cionn Iúdaea; agus Iorua ina theitrearch i nGalailí, agus a dheartháir Pilib ina theitrearch i gceantar Ituraía agus Traconítis, agus Lisánías ina theitrearch in Abiléne,
2 agus Annas agus Caiaphas ina n‑ardsagairt, ba san am sin a tháinig briathar Dé chuig Eoin mac Shecaría san fhásach;
3 agus shiúil sé an tír a bhí ar dhá thaobh Abhainn Iornáin, ag foilsiú baiste aithreachais le haghaidh maithiúnas peaca a fháil.
4 Bhí sin mar atá scríofa i leabhar bhriathra Ísáia fáidh,“Glór an té a scairteas san fhásach:Ullmhaígí slí an Tiarna,déanaigí a chosáin díreach.