13 Agus nuair a bhí críoch curtha ar a chathuithe uile ag an diabhal, d'imigh sé uaidh go dtí go bhfaigheadh sé faill eile air.
14 Agus d'fhill Íosa go Galailí i gcumhachtaí an Spioraid, agus chuaigh a iomrá ar fud na dúiche a bhí i dtimpeall.
15 Agus theagascadh sé ina sionagóga, agus bhíodh an uile dhuine ag seinm a mholta.
16 Agus tháinig sé go Nasair, an áit ar tógadh é; agus chuaigh sé chun na sionagóige lá na sabóide mar ba nós leis. Agus d'éirigh sé ina sheasamh a léamh;
17 agus ba é leabhar an fháidh Ísáia a tugadh dó. D'oscail sé an leabhar go bhfuair sé an áit a raibh sé scríofa,
18 “Tá Spiorad an Tiarna orm,ós rud é gur ung sé mé le dea-scéal a fhoilsiú do na boicht.Gur chuir sé uaidh mé le fuascailt a fhógairt do na braighdeanaighagus athghabháil amhairc do na daill,lena bhfuil faoi ansmacht a scaoileadh,
19 le bliain iniarrtha an Tiarna a fhorfhógairt.”