15 Agus theagascadh sé ina sionagóga, agus bhíodh an uile dhuine ag seinm a mholta.
16 Agus tháinig sé go Nasair, an áit ar tógadh é; agus chuaigh sé chun na sionagóige lá na sabóide mar ba nós leis. Agus d'éirigh sé ina sheasamh a léamh;
17 agus ba é leabhar an fháidh Ísáia a tugadh dó. D'oscail sé an leabhar go bhfuair sé an áit a raibh sé scríofa,
18 “Tá Spiorad an Tiarna orm,ós rud é gur ung sé mé le dea-scéal a fhoilsiú do na boicht.Gur chuir sé uaidh mé le fuascailt a fhógairt do na braighdeanaighagus athghabháil amhairc do na daill,lena bhfuil faoi ansmacht a scaoileadh,
19 le bliain iniarrtha an Tiarna a fhorfhógairt.”
20 Agus dhruid sé an leabhar, agus thug sé ar ais don fhreastalaí é, agus shuigh sé faoi; agus bhí a raibh sa tsionagóg ag díriú a súl air.
21 Agus thosaigh sé ar a rá leo, “Is inniu a comhlíonadh an Scrioptúr seo in bhur n‑éisteacht.”