2 i rith daichead lá san fhásach, agus an diabhal ag cur cathuithe air. Agus níor ith sé aon ní sna laethanta úd; agus is air a bhí an t‑ocras nuair a críochnaíodh iad.
3 Is é a dúirt an diabhal leis, “Más tú Mac Dé, ordaigh don chloch seo bheith ina harán.”
4 Agus ba é freagra Íosa air, “Tá scríofa, ‘nach ar arán amháin a bheas an duine beo.’”
5 Agus d'ardaigh an diabhal é, agus thaispeáin dó ríochtaí uile an domhain i bhfaiteadh súile,
6 go ndúirt leis, “Is duitse a thabharfaidh mé a gcumhacht siúd agus a nglóir siúd uile; mar is liom a taobhaíodh é agus a chead agam a bhronnadh ar mo rogha duine.
7 Mar sin is leatsa é, ach tú adhradh agus ómós a thabhairt dom.”
8 Agus d'fhreagair Íosa é, “Tá sé scríofa,‘Go dtabharfaidh tú adhradh do do Thiarna agus do do Dhia,agus gan seirbhís a dhéanamh ach dósan amháin.’”