24 Agus dúirt sé leo, “Is fíor an ní é a deirim libh, ní ghlactar le fáidh ar bith ina thír dhúchais féin.
25 Ach i bhfírinne deirim libh, gurbh iomaí sin baintreach a bhí in Iosrael i laethanta Elía, nuair a bhí na neamha dúnta i rith trí bliana agus sé mhí, agus a tháinig gorta mór ar fud na tíre;
26 ach ní chuig bean ar bith acu siúd a cuireadh Elía, ach chuig baintreach mná i Sarepad i dtír Shiodóin.
27 Agus b'iomaí sin lobhar a bhí in Iosrael in am an fháidh Elíseá; ach lobhar acu níor glanadh, ach Naaman an Síreach amháin.”
28 Ní luaithe a chuala siad sin, ná chuaigh a raibh sa tsionagóg ar an daoraidh.
29 Agus d'éirigh siad ar an toirt á shá as an gcathair, agus thug leo é go bruach an chnoic ar ar tógadh a gcathair, lena chaitheamh síos i mullach a chinn.
30 Ach ní dhearna sé ach siúl tríothu agus uathu.