27 Agus b'iomaí sin lobhar a bhí in Iosrael in am an fháidh Elíseá; ach lobhar acu níor glanadh, ach Naaman an Síreach amháin.”
28 Ní luaithe a chuala siad sin, ná chuaigh a raibh sa tsionagóg ar an daoraidh.
29 Agus d'éirigh siad ar an toirt á shá as an gcathair, agus thug leo é go bruach an chnoic ar ar tógadh a gcathair, lena chaitheamh síos i mullach a chinn.
30 Ach ní dhearna sé ach siúl tríothu agus uathu.
31 Agus chuaigh sé síos go Caparnáum, cathair de chathracha Ghalailí. Agus bhí sé á dteagasc ar an tsabóid;
32 agus chuir a theagasc iontas orthu, mar b'údarásach a bhriathar.
33 Agus bhí fear sa tsionagóg a raibh sprid deamhain neamhghlain ann; agus ghlaoigh sé in ard a chinn,