32 agus chuir a theagasc iontas orthu, mar b'údarásach a bhriathar.
33 Agus bhí fear sa tsionagóg a raibh sprid deamhain neamhghlain ann; agus ghlaoigh sé in ard a chinn,
34 “Ochón! Cad chuige a bhfuil tú dúinn, a Íosa Nasara? An dár milleadh a tháinig tú? Nach feasach dom cé tú féin, Neach naofa Dé.”
35 Ach bhagair Íosa air, agus ar seisean, “Bí i do thost, agus tar amach!” Agus chaith an deamhan ar lár é i measc an tslua, agus tháinig sé amach as, gan dochar a dhéanamh dó.
36 Agus bhí iontas agus uafás orthu uile go léir, agus dúirt siad le chéile, “Cad é an sórt briathair é seo? Mar ordaíonn sé go húdarásach cumhachtach do na spridí neamhghlana, agus tagann siad amach.”
37 Agus chuaigh an t‑iomrá faoi amach i ngach uile áit sa cheantar thart timpeall.
38 Agus d'éirigh sé agus d'fhág sé an tsionagóg agus chuaigh sé isteach i dteach Shíomóin. Anois bhí máthair chéile Shíomóin breoite agus ualach trom fiabhrais uirthi, agus chuir siad iarratas air ina taobh.