36 Agus bhí iontas agus uafás orthu uile go léir, agus dúirt siad le chéile, “Cad é an sórt briathair é seo? Mar ordaíonn sé go húdarásach cumhachtach do na spridí neamhghlana, agus tagann siad amach.”
37 Agus chuaigh an t‑iomrá faoi amach i ngach uile áit sa cheantar thart timpeall.
38 Agus d'éirigh sé agus d'fhág sé an tsionagóg agus chuaigh sé isteach i dteach Shíomóin. Anois bhí máthair chéile Shíomóin breoite agus ualach trom fiabhrais uirthi, agus chuir siad iarratas air ina taobh.
39 Agus sheas sé os a cionn, agus bhagair sé ar an bhfiabhras, agus d'fhág sé í; agus d'éirigh sí ansin gan mhoill agus rinne freastal orthu.
40 Anois nuair a bhí an ghrian ag dul faoi, thug siad chuige a raibh breoite acu d'aicídí ilchineálacha; agus leag sé a lámha ar an uile dhuine acu agus leigheas sé iad.
41 Agus tháinig na deamhain amach as mórán acu, agus iad ag glaoch os ard, “Is tú Mac Dé!” Ach is amhlaidh a bhagair sé orthu agus níor lig dóibh labhairt, as siocair gur aithin siad gurbh é an Críost é.
42 Agus nuair a bhí sé ina neart lae d'imigh sé leis go ndeachaigh go háit fhásúil gan áitreabh. Agus chuaigh na daoine ar a lorg agus tháinig siad go dtí é, agus mian orthu gan ligean dó imeacht uathu;