6 go ndúirt leis, “Is duitse a thabharfaidh mé a gcumhacht siúd agus a nglóir siúd uile; mar is liom a taobhaíodh é agus a chead agam a bhronnadh ar mo rogha duine.
7 Mar sin is leatsa é, ach tú adhradh agus ómós a thabhairt dom.”
8 Agus d'fhreagair Íosa é, “Tá sé scríofa,‘Go dtabharfaidh tú adhradh do do Thiarna agus do do Dhia,agus gan seirbhís a dhéanamh ach dósan amháin.’”
9 Agus thug sé leis é gur thug sé go hIarúsailéim é, agus chuir sé é ar bheann an teampaill, go ndúirt leis, “Más tú Mac Dé, caith síos as sin thú féin;
10 mar tá sé scríofa,‘Cuirfidh sé do chúram ar a aingil, le bheith do do choimeád,’
11 agus‘Tógfaidh siad ar a mbosa thú,ar eagla go mbuailfeá do chos in éadan cloiche.’”
12 Agus d'fhreagair Íosa é, agus dúirt sé, “Tá sé ráite, ‘nach gcuirfidh tú cathú ar do Thiarna agus ar do Dhia.’”