9 Agus thug sé leis é gur thug sé go hIarúsailéim é, agus chuir sé é ar bheann an teampaill, go ndúirt leis, “Más tú Mac Dé, caith síos as sin thú féin;
10 mar tá sé scríofa,‘Cuirfidh sé do chúram ar a aingil, le bheith do do choimeád,’
11 agus‘Tógfaidh siad ar a mbosa thú,ar eagla go mbuailfeá do chos in éadan cloiche.’”
12 Agus d'fhreagair Íosa é, agus dúirt sé, “Tá sé ráite, ‘nach gcuirfidh tú cathú ar do Thiarna agus ar do Dhia.’”
13 Agus nuair a bhí críoch curtha ar a chathuithe uile ag an diabhal, d'imigh sé uaidh go dtí go bhfaigheadh sé faill eile air.
14 Agus d'fhill Íosa go Galailí i gcumhachtaí an Spioraid, agus chuaigh a iomrá ar fud na dúiche a bhí i dtimpeall.
15 Agus theagascadh sé ina sionagóga, agus bhíodh an uile dhuine ag seinm a mholta.