15 Ach ina dhiaidh sin agus uile ba mhó a leathnaigh an t‑iomrá air; agus chruinnigh sluaite móra chuige ionas go n‑éistfidís leis agus go leigheasfaí óna n‑easláintí iad.
16 Ach is é rud, chuaigh seisean i leataobh ar an bhfásach go ndearna sé urnaí.
17 Agus nuair a bhí sé ag teagasc, lá de na laethanta úd, bhí Fairiséigh agus lucht theagasc an dlí ina suí ina chomhair, a tháinig as gach baile i nGalailí agus in Iúdaea agus as Iarúsailéim; agus bhí cumhacht Dé leis le leigheas.
18 Agus féach, bhí fir ag iompar fir, a raibh an phairilis air, ar leaba, agus bhí siad ag iarraidh é a thabhairt isteach agus a ligean síos os comhair Íosa;
19 ach nuair nach bhfuair siad aon chaoi lena thabhairt isteach, as siocair an tslua, chuaigh siad suas ar cheann an tí gur lig tríd na leacáin é féin agus a leaba síos i gceartlár an tí os coinne Íosa.
20 Agus nuair a chonaic sé a gcreideamhsan ar seisean, “A dhuine, tá do pheacaí maite duit.”
21 Agus thosaigh na scríobhaithe agus na Fairiséigh ar chaitheamh amhrais air, agus iad á rá, “Cé hé sin atá ag labhairt go diamhaslach? Cé hé ar féidir leis na peacaí a mhaitheamh ach Dia amháin?”