19 ach nuair nach bhfuair siad aon chaoi lena thabhairt isteach, as siocair an tslua, chuaigh siad suas ar cheann an tí gur lig tríd na leacáin é féin agus a leaba síos i gceartlár an tí os coinne Íosa.
20 Agus nuair a chonaic sé a gcreideamhsan ar seisean, “A dhuine, tá do pheacaí maite duit.”
21 Agus thosaigh na scríobhaithe agus na Fairiséigh ar chaitheamh amhrais air, agus iad á rá, “Cé hé sin atá ag labhairt go diamhaslach? Cé hé ar féidir leis na peacaí a mhaitheamh ach Dia amháin?”
22 Nuair a mhothaigh Íosa iad ag caitheamh amhrais air, thug sé an freagra seo orthu, “Cad chuige daoibh bheith amhrasach in bhur n‑intinn?
23 Cé acu is éasca a rá, ‘Tá do pheacaí maite duit,’ nó a rá, ‘Éirigh agus siúl romhat’?
24 Ach tabharfaidh mise le fios daoibh go bhfuil údarás ag Mac an duine ar talamh leis an bpeaca a mhaitheamh”—agus leis sin ar seisean leis an bhfear a raibh an phairilis air—“Deirim leat é, éirigh, tóg ort do leaba, agus imigh abhaile.”
25 Agus ar an nóiméad d'éirigh sé ar a chosa os comhair an iomláin acu, agus thóg sé a raibh sé ina luí air, agus shiúil leis abhaile, agus é ag glóiriú Dé.