26 Agus thit iontas orthu uile, agus thug siad glóir do Dhia agus bhí uafás mór orthu, agus dúirt siad, “Is sinne a chonaic na hiontais inniu.”
27 Chuaigh sé amach ina dhiaidh sin, agus chonaic sé bailitheoir cánacha, darbh ainm Lébhí, ina shuí in oifig an chustaim; agus dúirt sé leis, “Lean mise.”
28 Agus d'fhág sé a raibh aige, agus d'éirigh sé agus lean sé é.
29 Agus rinne Lébhí féasta mór dó ina theach; agus bhí buíon mhór de bhailitheoirí cánacha agus de dhaoine eile ina suí leo os cionn bia.
30 Agus rinne na Fairiséigh agus a scríobhaithesean casaoid in aghaidh a dheisceabal, agus dúirt siad, “Cad chuige daoibh bheith ag ithe agus ag ól i gcuideachta lucht bailithe cánacha agus drochdhaoine?”
31 Agus d'fhreagair Íosa iad, “Ní bhíonn feidhm dhochtúra ar an dream atá ar fónamh, ach ar na daoine atá breoite;
32 níor tháinig mise a ghlaoch ar na fíréin, ach ar na peacaigh le haithrí a dhéanamh.”