3 Chuaigh sé isteach ansin i mbád acu a bhí le Síomón, agus d'iarr sé air cur amach giota ón talamh. Shuigh sé ansin agus theagasc sé na daoine ón mbád.
4 Agus nuair a bhí deireadh ráite aige, dúirt sé le Síomón, “Cuir amach ar an doimhneacht, agus ligigí síos bhur líonta le gabháil.”
5 Agus d'fhreagair Síomón, “A Mháistir, táimid i ndiaidh bheith ag obair go crua i rith na hoíche aréir agus gan aon ní a ghabháil! Ach ó fuair mé gaoth an fhocail uait ligfidh mé síos na líonta.”
6 Ní luaithe a bhí sin déanta acu ná thimpeallaigh siad scoil mhór éisc; agus ó bhí a líonta siúd ag briseadh,
7 bhagair siad ar fhoireann an bháid eile a bhí i gcomhar leo teacht a chuidiú leo. Agus tháinig siad agus líon siad an dá bhád, ionas gur thosaigh siad ar dhul síos san uisce.
8 Ach nuair a chonaic Síomón Peadar sin, thit sé síos ag glúine Íosa, agus é á rá, “Imigh uaim, mar is peacúil an duine mé, a Thiarna.”
9 Mar bhí iontas agus uafás air, agus ar a raibh leis, faoin ngabháil éisc a bhí glactha acu;