33 Agus dúirt siad leis, “Bíonn deisceabail Eoin go minic ag troscadh agus ag déanamh urnaí, agus mar an gcéanna do dheisceabail na bhFairiséach, ach bíonn do dheisceabailse ag ithe agus ag ól.”
34 Agus dúirt Íosa leo, “An féidir le duine tabhairt ar lucht na bainise troscadh chomh fada agus atá an fear nuaphósta ina gcuideachta?
35 Ach tiocfaidh na laethanta a dtógfar an fear nuaphósta uathu, agus is ansin, sna laethanta úd, a dhéanfas siad troscadh.”
36 D'inis sé fáithscéal dóibh freisin: “Ní stróiceann aon duine píosa as éadach nua go gcuireann é ar sheanéadach; mar má dhéanann sé amhlaidh, ní dhéanfaidh sé ach an t‑éadach nua a stróiceadh, agus gan an píosa as an éadach nua ag cur leis an seanéadach.
37 Agus ní chuireann duine ar bith fíon nua isteach i seanseithí; mar má dhéanann, réabfaidh an fíon nua na seithí agus doirtfear é, agus millfear na seithí.
38 Ach caithfear fíon nua a chur i seithí nua.
39 Agus an té atá d'éis seanfhíon a ól, ní bhíonn dúil aige i bhfíon nua; mar deir sé, ‘Tá an seanfhíon ar fheabhas.’”