8 Ach nuair a chonaic Síomón Peadar sin, thit sé síos ag glúine Íosa, agus é á rá, “Imigh uaim, mar is peacúil an duine mé, a Thiarna.”
9 Mar bhí iontas agus uafás air, agus ar a raibh leis, faoin ngabháil éisc a bhí glactha acu;
10 agus b'amhlaidh do Shéamas agus d'Eoin, mic Shebidé, a bhí i gcomhar le Síomón, agus dúirt Íosa le Síomón, “Ná bíodh eagla ort; as seo amach beidh tú ag gabháil fear.”
11 Agus nuair a bhí a mbáid tugtha chun tíre acu, d'fhág siad an t‑iomlán agus lean siad é.
12 Nuair a bhí sé i gcathair de na cathracha, tháinig chuige fear lomlán de lobhra; agus ní luaithe a chonaic sé Íosa ná thit sé ar a bhéal roimhe gur iarr d'impí air, “A Thiarna,” ar seisean, “is féidir leat mé a dhéanamh glan má thoilíonn tú é.”
13 Agus shín Íosa amach a lámh, gur leag air í, á rá, “Toilím é; bí tusa glan.” Agus d'fhág an lobhra é ar an nóiméad.
14 Agus thug sé rabhadh dó gan a insint d'aon duine; ach “imigh,” ar sé, “agus taispeáin thú féin don sagart, agus déan íobairt ar son do ghlanta, mar d'ordaigh Maois, mar chruthú do na daoine.”