1 Ansin nuair a bhí a ráite uile éiste ag an slua shiúil sé leis isteach i gCaparnáum.
2 Agus bhí ceantúir ansin a raibh mogha aige ba dhílis lena chroí, agus bhí an mogha breoite agus i mbéala báis.
3 Nuair a chuala sé faoi Íosa, chuir sé daoine chuige de sheanóirí na nGiúdach, á iarraidh air teacht agus an mogha sin aige a leigheas.
4 Agus nuair a tháinig siad chuig Íosa, d'iarr siad achainí air, agus dúirt siad, “Is maith is fiú é go ndéanfá an méid sin dó,
5 mar tá dámh aige dár gcine-ne, agus is é a thóg ár sionagógna dúinn.”