10 Agus nuair a d'fhill na teachtairí ar an teach, chonaic siad go raibh an mogha leigheasta.
11 Go gairid ina dhiaidh sin chuaigh sé go dtí cathair a raibh Náín mar ainm uirthi, agus bhí a dheisceabail agus slua mór daoine ina chuideachta.
12 Nuair a bhí sé féin ag druidim le geata na cathrach, b'shiúd fear a bhí i ndiaidh bás a fháil á iompar amach, an t‑aon mhac amháin a bhí ag a mháthair, a bhí ina baintreach mhná; agus bhí slua mór de lucht na cathrach á comóradh.
13 Agus nuair a chonaic an Tiarna í, thug sé trua di, agus dúirt léi, “Ná bí ag caoineadh.”
14 Agus tháinig sé gur leag sé a lámh ar an gcróchar, agus sheas na fir a bhí á iompar. Agus dúirt sé. “A óigfhir, deirim leat, éirigh.”
15 Agus d'éirigh an marbhán ina shuí, agus chuaigh a chaint. Agus thug Íosa i lámha a mháthar é.
16 Thit eagla orthu uile go léir; agus thug siad glóir do Dhia, agus é á rá acu, “Tá mórfháidh d'éis éirí eadrainn,” agus, “Tá Dia i ndiaidh dearcadh ar a dhaoine féin.”